Dealbha Eastát Farmleigh

Siúil timpeall na Saothar Fíorspéisiúil seo
Éan mór le Breon O'Casey

Dealbha Eastát Farmleigh

Tá Oifig na nOibreacha Poiblí ag tabhairt dealbha comhaimseartha isteach ar fud Eastát Farmleigh le roinnt blianta anuas. Taispeántar téamaí éagsúla sna dealbha buana sin. Áirítear leo sin aontachas stát nua isteach san Aontas Eorpach a cheiliúradh agus ailíniú na bpláinéad sa bhliain 1916. Déanann na dealbha ionadaíocht do raon leathan ealaíontóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta freisin.

Tá léarscáil aonleathanaigh de na dealbha in Eastát Farmleigh ar fáil le híoslódáil anseo.

‘Convergence’ le Brian King

Coimisiúnaíodh ‘Convergence’ chun aontachas deich stát nua isteach san Aontas Eorpach sa bhliain 2004 a cheiliúradh. Ba dhealbhóir Éireannach é Brian King. Luaigh The Irish Times gurbh é “duine de na dealbhóirí Éireannacha ba thábhachtaí de chuid a linne” é. Fuair sé a oiliúint mar dhealbhóir sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha i mBaile Átha Cliath. Tá a chuid dealbh le fáil anois ina lán bailiúchán tábhachtach ealaíne in Éirinn, amhail iad sin i nDánlann an Hugh Lane, Baile Átha Cliath, i nDánlann Crawford, Corcaigh, in Oifig na nOibreacha Poiblí agus sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

‘Remembering’ le John W. Wiedman

Spreagadh é leis an meaisín lena ndearnadh ionadach bainne do phearsanra an Aerfhórsa a bhí ar garda i dTalamh an Éisc, Ceanada, ar ina leith a thugadh an t-ealaíontóir ‘an bhó mheicniúil’ air. Ag labhairt dó faoin dealbh, dúirt an t-ealaíontóir:

… an rud atá i m’intinn le haghaidh ráiteas a bhaineann leis na torthaí ar ligean do dhíghrádú agus díothú na speiceas éagsúil atá ag maireachtáil ar an bpláinéad seo fós. Cé nach ríshoiléir an rud is mian liom a léiriú, ba mhaith liom ráiteas amhairc a thabhairt faoi na rudaí a tharlódh dá mba mhaith linn neacha den sórt sin (amhail BA) a ndearnadh faillí iontu agus ar ‘ligeadh dóibh dul as radharc’ ón DOMHAN, ár bpláinéad iontach.

Tá suíomh Gréasáin John W. Wiedman anseo.

‘Buncloch’ nó ‘Foundation Stone’ le Mary Reynolds

Tá an gairdín comhdhéanta de naoi n-iomairín chiorclacha gloine, a leathann amach as an bpríomh-mhír. Is é atá sa phríomh-mhír ná babhla eibhear Chill Mhantáin atá líonta le huisce, an toradh cuilitheach ar an athrú ón lár. Léirítear na pláinéid le naoi mbollán eibhir atá clúdaithe ag léicin, agus iad leagtha ar an mbealach a bhí siad ailínithe ar Luan Cásca 1916, ag an am céanna a léigh Pádraig Mac Piarais an Forógra amach os ard.

Mar dhuine a bhuaigh bonn óir i Seó Bláthanna Chelsea tráth, tá Mary ag dearadh gairdíní i dtíortha ar fud an domhain le breis agus seacht mbliana déag anuas. Áirítear leo sin coimisiúin i nGairdíní Lus Ríoga Kew i Londain.

Tá suíomh Gréasáin Mary Reynolds anseo.

'Buncloch' le Mary Reynolds

‘Arch of Nature’ le Pilar Aldana Mendez

Is dealbhóir Colómach í Pilar Aldana Mendez, atá bunaithe in Barcelona, an Spáinn, ó bhí an bhliain 1985 ann. Cuimsíonn a cineálacha léirithe dealbha beaga agus móra, chomh maith le suiteáin. Oibríonn sí le gloine, le cloch, le hiarann agus le hadhmad. Tá an dealbh déanta de dhá bhloc chomhionanna Eibhir Éireannaigh atá leagtha i suíomhanna comhlántacha.

Tá suíomh Gréasáin Pilar Aldana Mendez anseo.

‘Hybrid Vigour’ le James Gannon

Oibríonn James Gannon le cloch agus cré-umha óna stiúideonna i mBaile Átha Cliath agus i Ros Comáin. Sa bhliain 1991, bronnadh air an Bonn Óir as Dealbhóireacht Eibhir sa Taispeántas Tírdhreacha Éireannaigh in EXPO’91 in Osaka, an tSeapáin. Ba é Seamus Mac Raghnaill, seanathair James a chónaíodh i bpurláin Chaisleán Cnucha, ábhar inspioráide an tsaothair sin.

Is é is ‘Spreacadh Hibrideach’ ann ná téarma talmhaíochta a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar chrosphórú dhá cheann dhifriúla d’íonphórtha nó de chineálacha, a bhféadfadh a sliocht a bheith níos bríomhaire ná ceachtar tuismitheoir. Chun é sin a bhaint amach, teastaíonn linn mhór neamhchaolaithe géinte de stoc difreáilte ónar féidir na tuismitheoirí a roghnú.

Tá suíomh Gréasáin James Gannon anseo.

‘Untitled’ le Tony Cragg

Ba é a bhí i gceist le luathshaothar Tony Cragg ná suiteáin rudaí aimsithe agus ábhar caite a bhí sonrach don láithreán. Ó lár na 1970í go dtí na blianta tosaigh de na 1980í, chuir sé cluichreáin i láthair i struchtúir phríomhúla agus i rilífí dathannacha ionadaíocha ar urláir agus ballaí spásanna dánlainne. Thóg an tUas. Cragg an luathshaothar sin trí bhloghanna aonair d’ábhair mheasctha a chóiriú go córasach, agus de réir a ndathanna saorga agus a bpróifílí go minic, ar mhaithe le híomhánna móra a chruthú.

Roghnaíodh an tUas. Cragg chun ionadaíocht a dhéanamh don Bhreatain Mhór ag 43ú Taispeántas Débhliantúil Ealaíne na Veinéise sa bhliain 1988. Bhuaigh sé Duais Turner an bhliain chéanna. Rinneadh Ceannasaí Ord Impireacht na Breataine de i Liosta Gradam na Bliana Nua 2002 as a sheirbhísí don ealaín. Bhuaigh sé Duais Piepenbrock as Dealbhóireacht an bhliain chéanna freisin. Sa bhliain 2007, bronnadh an Praemium Imperiale air as dealbh de Theach Impiriúil na Seapáine do Chumann Ealaíne na Seapáine.

Tá suíomh Gréasáin Tony Cragg anseo.

‘Éan Mór’ le Breon O’Casey

Rugadh Breon O’Casey i Londain agus is mac le Sean O’Casey, drámadóir Éireannach, é. Cuimsíonn saothar Breon pictiúir, dealbha, fíodóireacht agus ceardaíocht.

Nochtadh ‘Éan Mór’ i dTeach Farmleigh sa bhliain 2006. Bhreathnaigh an tUas. O’Casey suaimhneas a thimpeallachta nádúrtha go tuisceanach. Is d’ainmhí, d’éan nó de dhuine atá a dhealbha uile, beagnach.

Tá suíomh Gréasáin Breon O’Casey anseo.