Bailiúchán na Leabharlainne a Rochtain

Rialacha Ceada Isteach

Turais don Phobal i gCoitinne

Is féidir cuairt a thabhairt ar Leabharlann Benjamin Uíbh Eachach mar chuid de thuras treoraithe ar Theach Farmleigh. Féadfaidh grúpaí atá comhdhéanta d’fhiche duine ar a mhéad iarratas a dhéanamh ar chuairt a thabhairt, a mbeadh turas ar Leabharlann Benjamin Uíbh Eachach ar áireamh léi. Ní mór cuairteanna den sórt sin a eagrú roimh ré, áfach, trí theagmháil a dhéanamh le Leabharlannaí Oifig na nOibreacha Poiblí ach glao a chur ar +353 46 942 2286 nó ríomhphost a sheoladh chuig nuala.canny@opw.ie. Ní fhéadfaidh cuairteoirí ach an Leabharlann a fheiceáil le linn na cuairte sin agus ní fhéadfaidh siad ceann ar bith de na leabhair a léamh.

Taighdeoirí

Tá Leabharlann Benjamin Uíbh Eachach ar oscailt dá húsáid ag daoine léinn a bhfuil na cáilíochtaí oiriúnacha acu, ag mic léinn tríú leibhéal agus ag taighdeoirí neamhspleácha. Is féidir amharc ar líne ar chatalóg leictreonach iomlán den bhailiúchán trí Leabharlann Marsh. Is féidir iarratais ar thaighde a dhéanamh i Leabharlann Benjamin Uíbh Eachach a dhéanamh chuig Coimeádaí Leabharlann Marsh. Ríomhphost: reading.room@marshlibrary.ie
Ní fhéadfaidh léitheoirí cuairt a thabhairt ar Leabharlann Benjamin Uíbh Eachach gan coinne a dhéanamh roimh ré.

Íoslódáil

Rialacháin le haghaidh Leabharlann Benjamin Uíbh Eachach, Teach Farmleigh, a Úsáid