Conas Sinn a Aimsiú

Treoracha, Spásanna Páirceála, agus Na Nithe Eile atá le Feiceáil

Faightear rochtain ar Eastát Farmleigh trí Pháirc an Fhionnuisce ó Bhóthar an Fhaoitigh.

Tá spásanna páirceála carranna, cóistí agus gluaisrothar ar fáil saor in aisce ar an láithreán.

Tabhair faoi deara go dtógann sé thart ar chúig nóiméad chun siúl ón gcarrchlós chuig an Teach agus go dtógann sé thart ar sheacht nóiméad chun siúl ón gcarrchlós chuig an nGailearaí, chuig na Gairdíní agus chuig Bialann an Tí Bád.

Breathnaigh ar an léarscáil úsáideach thíos chun eolas a chur ar an Eastát.

Eastát Farmleigh a bhaint amach

Féach na treoracha ar thaobh na láimhe deise ar ríomhaire deisce nó féach na treoracha thíos ar fhón póca.

De bhus

Tóg bus uimhir 37 Bhus Átha Cliath ó lár na cathrach (téigh chuig suíomh Gréasáin Bhus Átha Cliath chun an t-amchlár agus na láithreacha stad bus a rochtain). Tar den bhus ag Geata Chaisleán Cnucha.
Téigh isteach i bPáirc an Fhionnuisce agus tóg an cosán cúng tríd an ngort, atá suite ar thaobh na láimhe deise.
Siúil síos an cosán sin go dtí go mbainfidh tú bóthar amach.
Cas ar dheis ansin. Ba cheart go bhfeicfeá geataí Eastát Farmleigh achar gearr ar shiúl.
Tá Eastát Farmleigh suite cúig nóiméad déag de shiúl na gcos ó Gheata Chaisleán Cnucha.

Ba cheart dúnadh reatha bóithre agus geataí do Pháirc an Fhionnuisce a sheiceáil ar shuíomh Gréasáin Pháirc an Fhionnuisce anseo

Tábhachtach! Treoracha

Ná lean treoracha loingseoireachta satailíte ná treoracha Google Maps chuig Eastát Farmleigh, toisc nach dtabharfar chuig an láthair cheart thú. Ina ionad sin, iontráil na comhordanáidí seo: 53.3661, -6.3516. Faightear rochtain ar Eastát Farmleigh ón taobh istigh de Pháirc an Fhionnuisce. Tá na treoracha tiomána mar a leanas.

Ó Lár na Cathrach:

Téigh isteach i bPáirc an Fhionnuisce ón mbealach isteach geataithe ar Shráid Gheata na Páirce, in aice le Stáisiún Heuston.
Lean ar aghaidh ar Ascaill Chesterfield ar feadh thart ar 3.6 km go dtí go mbainfidh tú an tríú timpeallán amach.
Tóg an chéad bhealach amach ag an timpeallán sin.
Tar éis 100 méadar, cas ar dheis isteach ar Bhóthar an Fhaoitigh.
Téigh díreach ar aghaidh. Beidh an bealach isteach go hEastát Farmleigh suite thart ar 500 méadar ar shiúl.

Ó Chaisleán Cnucha:

Téigh isteach i bPáirc an Fhionnuisce ón mbealach isteach geataithe ar Bhóthar Chaisleán Cnucha.
Tar éis duit dul tríd an ngeata, tóg an tríú bealach amach ag an gcéad timpeallán.
Tar éis 100 méadar, cas ar dheis isteach ar Bhóthar an Fhaoitigh.
Téigh díreach ar aghaidh. Beidh an bealach isteach go hEastát Farmleigh suite thart ar 500 méadar ar shiúl.

Tabhair faoi deara nach féidir le carranna Eastát Farmleigh a rochtain trí Bhóthar an Fhaoitigh agus iad ag teacht ó Bhóthar an Choláiste/Bóthar Bhaile an Chairpintéaraigh. 

Léarscáileanna

PÁIRCEÁIL
BEALAÍ ROTHAÍOCHTA
LÉARSCÁIL SIÚLÓIDÍ

Inrochtaineacht

Táimid tiomanta d’Eastát Farmleigh a dhéanamh chomh hinrochtana agus is féidir. Tairgimid cead isteach saor in aisce do dhaoine a bhfuil míchumas orthu agus dá gcúramóirí. Téigh i dteagmháil linn más féidir linn cúnamh a thabhairt ar aon bhealach.

Tá bunurlár Theach Farmleigh lán-inrochtana d’úsáideoirí cathaoir rothaí. Tá Braille úsáidte ar na comharthaí ar fud na dtailte.

Íoslódáil, priontáil agus léigh ár dtreoir shóisialta (PDF) maidir le cuairt a thabhairt ar Eastát Farmleigh. Beidh an treoir sin úsáideach do chuairteoirí céaduaire, do theaghlaigh agus do dhaoine a bhfuil míchumas forbartha nó foghlama orthu ullmhú dá gcuairt ar Eastát Farmleigh.

Sa Limistéar seo freisin

Tá na nithe seo is díol spéise suite achar gearr ó Eastát Farmleigh.

Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce

Breathnaigh thart ar an bPáirc ar fad ó Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce. Is ón áit seo a eagraítear turais ar Dhún na hArmlainne, ar Chaisleán Bhaile an Ásaigh agus ar láithreáin oidhreachta eile atá suite in aice láimhe.

Áras an Uachtaráin

Teach cónaithe Uachtarán na hÉireann is ea seo. Bíonn turais threoraithe ar fáil ar an Satharn trí Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce.

Zú Bhaile Átha Cliath

Is é seo an zú is mó in Éirinn. Osclaíodh sa bhliain 1831 é. Bíonn sé ar oscailt ó cheann ceann na bliana.

Láithreáin Oidhreachta Eile Mhuintir Guinness

Tá láithreáin oidhreachta a bhaineann le muintir Guinness suite ar fud na tíre ar fad; tá na trí cinn seo a leanas suite achar gearr ó Eastát Farmleigh.

Páirc San Anna

Tá na stáblaí, na baoiseanna agus an Túr Cloig bunaidh ann go fóill san fhearann páirce mór seo i mBaile Átha Cliath. D’fhorbair an Ridire Arthur Edward Guinness (Tiarna Ardoileáin, a rugadh in Ospidéal San Anna sa bhliain 1840) an pháirc go mall sa naoú haois déag.

Gairdíní Uíbh Eachach

Cheannaigh Benjamin Lee Guinness sean-Ghairdíní Cobourg i gCathair Bhaile Átha Cliath ó John Henry, Iarla Chluain Meala, sa bhliain 1862. Bhí sé beartaithe aige iad a úsáid mar ghairdín do Theach Uíbh Eachach, a theach cónaithe sa bhaile. Foghlaim tuilleadh anseo.

Stóras Guinness

Agus é ina mhonarcha oibre agus ina ionad taispeántais idirghníomhach, tá Stóras Guinness i gCathair Bhaile Átha Cliath ar cheann amháin de na nithe is díol spéise is mó cuairt in Éirinn.