Uaireanta Oscailte

Scrollaigh chun Amanna a Bhrabhsáil

Uaireanta Oscailte Eastát Farmleigh

Osclaítear Eastát Farmleigh ag 10:00 an Luan go dtí an Domhnach, agus an dá lá sin san áireamh.

Is é 17:00 an t-am is déanaí a ligtear daoine isteach san eastát
Dúntar Eastát Farmleigh ag 18:00

Tá sé saor in aisce dul isteach in Eastát Farmleigh.

Tabhair faoi deara nach bhfuil fulachtaí ceadaithe ar thailte Eastát Farmleigh.

Ní mór madraí a choinneáil ar éill ar Eastát Farmleigh toisc go bhfuil capaill, asail, eallach agus caoirigh ann ar na tailte.

Cliceáil anseo chun amharc ar na huaireanta oscailte do Bhialann an Tí Bád.

Foghlaim tuilleadh faoinár dturas Eispéiris Uathúil ar Eastát Farmleigh anseo.

Foghlaim tuilleadh faoi na turais Eispéiris Uathúil uile de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí anseo.

Ceisteanna Coitianta

Turas Treoraithe ar Theach Farmleigh

Is trí thuras treoraithe amháin a fhaightear rochtain ar Theach Farmleigh. Bíonn turais threoraithe ar Theach Farmleigh ar fáil lena gcur in áirithe ar líne nó ar bhonn ‘tús freastail ar an gceann is túisce’ idir 10.00 agus 17.30. Is é 16.30 an t-am is déanaí a ligtear daoine isteach. Tar i gcuideachta le duine dár dtreoraithe eolacha ar thuras ar Theach Farmleigh, ar lena linn a rachaidh tú ón ochtú haois déag, nuair a tosaíodh an obair tógála, suas go dtí an lá inniu.

Muirir ar Chead Isteach i dTeach Farmleigh:
Aosach: €8.00
Seanóir (60+): €6.00
Leanbh (12-17)/Mac léinn (aitheantas ag teastáil): €4.00
Leanbh faoi bhun 12 bhliain d’aois: Saor in aisce
Teaghlach (Beirt aosach, cúigear leanaí ar a mhéad): €20.00

Maireann an turas ar an teach 50 nóiméad ar an meán.

Ar oscailt ó lár mhí an Mhárta go dtí an 31 Nollaig*

*Ós rud é gur foirgneamh oibre de chuid an Rialtais é Teach Farmleigh, féadfar an Teach a dhúnadh ar gearrfhógra le haghaidh gnó stáit. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn chun an t-eolas is deireanaí a fháil roimh do chuairt, nó is féidir leat súil a chaitheamh ar an gcéad leathanach den suíomh Gréasáin seo chun aon fhógraí a léamh.

Gailearaí Farmleigh

Le linn taispeántas, bíonn Gailearaí Farmleigh ar oscailt ó 10am go 5pm an Mháirt go dtí an Domhnach (agus ar an Luan, i gcás Laethanta Saoire Bainc). Bíonn an Gailearaí dúnta don lón ó 1pm go 2pm.

Tá sé saor in aisce dul isteach i nGailearaí Farmleigh. Cliceáil anseo chun leathanaigh Ghréasáin Ghailearaí Farmleigh a rochtain.

Leabharlann Benjamin Uíbh Eachach

Tugtar cuairt ghearr ar an Leabharlann mar chuid den turas ginearálta ar Theach Farmleigh (atá tuairiscithe thuas). Cé go gceadaítear do chuairteoirí amharc ar sheomra na Leabharlainne le linn an turais sin, ní fhéadfaidh siad ceann ar bith de na leabhair a léamh.

Chun cuairt a thabhairt ar an Leabharlann mar Léitheoir, cliceáil anseo chun na rialacha maidir le ligean isteach a léamh. Is trí choinne speisialta amháin a fhaightear rochtain ar an Leabharlann.