Turais

Tar i gCuideachta le Duine dár dTreoraithe Seanchleachta ar Thuras An-Spéisiúil!

Turas Treoraithe ar Theach Farmleigh

Is trí thuras treoraithe amháin a fhaightear rochtain ar Theach Farmleigh. Bíonn turais threoraithe ar Theach Farmleigh ar fáil idir 10.00 agus 17.30. Is é 16.30 an t-am is déanaí a ligtear daoine isteach. Leithdháiltear ticéid ar bhonn ‘tús freastail ar an gceann is túisce’ nó trí iad a chur in áirithe ar líne. Tar i gcuideachta le duine dár dtreoraithe eolacha ar thuras ar Theach Farmleigh, ar lena linn a rachaidh tú ón ochtú haois déag, nuair a tosaíodh an obair tógála, suas go dtí an lá inniu.

Ní mór do leanaí bheith faoi mhaoirseacht ag aosach i gcónaí.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil nó chun áirithint grúpa a dhéanamh, seol ríomhphost chuig farmleighguides@opw.ie nó cuir glao ar 01 815 5914.

Coinnigh do mhadra ar éill fad a bheidh tú ar Eastát Farmleigh.

 

Muirir ar Chead Isteach i dTeach Farmleigh

Aosach: €8.00
Seanóir (60+): €6.00
Leanbh (12-17)/Mac léinn (aitheantas ag teastáil): €4.00
Leanbh faoi bhun 12 bhliain d’aois: Saor in aisce
Teaghlach (Beirt aosach, cúigear leanaí ar a mhéad): €20.00

Maireann an turas ar an teach 50 nóiméad ar an meán.

*Ós rud é gur foirgneamh oibre de chuid an Rialtais é Teach Farmleigh, féadfar an Teach a dhúnadh ar gearrfhógra. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn chun an t-eolas is deireanaí a fháil roimh do chuairt, nó is féidir leat súil a chaitheamh ar an gcéad leathanach den suíomh Gréasáin seo chun aon fhógraí a léamh.

Stopped here for lunch today and was very pleasantly surprised. The staff were very friendly, helpful and professional. The food was simple but tasty and good value. Great coffee. Lovely views over the lake.

Maighnuada ar Tripadvisor

We did the 11:15 am tour. The guide was excellent. This was about my 5th time doing tour but it was the most informative. Thanks to Don . He had a lovely personality. Very welcoming and full of enthusiasm. I would love to attend his Dublin Castle tour. Highly recommended.

Mick B ar Tripadvisor

The house tour was excellent, led by a great guide. We saw the beautiful rooms, which play host to visiting heads of state and royalty. The decorative features are outstanding with exquisite tapestries, stucco and gorgeous chandeliers enhancing the space.

Permia on Tripadvisor