Talmhaíocht

Feirm Oibre freisin is ea Eastát Farmleigh

Tá Eastát Farmleigh ocht n-acra is seachtó ar achar.

Lasmuigh den teach agus de na gairdíní pléisiúir, is feirm ghnóthach oibre é Eastát Farmleigh. Tá capaill, asail agus ba ann. An t-aoire in Eastát Farmleigh is ea Alan O’Farrell. Tugann Oifig na nOibreacha Poiblí cúram do na hainmhithe uile, a chónaíonn in Eastát Farmleigh ar fud na bliana. Tá a lán capall ag Eastát Farmleigh thar na blianta. Is iad Ellie agus Tyrone na capaill reatha. Tá gruaig dhubh ar Ellie agus tá gruaig rua ar Tyrone. Tá siad araon thart ar chúig bliana is fiche d’aois. Tháinig Ellie anseo tar éis Tyrone, atá anseo le roinnt blianta anuas. Ba as The Donkey Sanctuary i gCorcaigh do na ceithre asal. Daragh, Ronnie, Barney agus Rosie is ainm dóibh. Tá siad uile thart ar chúig bliana déag d’aois, agus is breá leo a n-áit chónaithe nua in Eastát Farmleigh.

 

Bó Chiarraí in Eastát Farmleigh

Ar feadh lear blianta, shamhlaítí Eastát Farmleigh agus pór eallaigh an Charolais. Nuair a ghlac an Stát úinéireacht ar Eastát Farmleigh, leanadh den traidisiún arb é atá ann eallach a choinneáil ann. Comhaontaíodh gur phór foirfe a bheadh i mBó Chiarraí, ar pór dúchasach é. Aithnítear go fairsing gurb é Bó Chiarraí pór dúchasach uathúil eallaigh na hÉireann. Tá sé ar cheann de na pórtha is sine san Eoraip, agus bhíodh sé ar an bpór ba choitianta in Éirinn go dtí deireadh an ochtú haois déag, a bheag nó a mhór. Sna 1980í, bhí an pór i mbaol a dhíothaithe. Is ionann é agus cuid dár n-oidhreacht chultúrtha. Thar na céadta blianta, tá sé ar an toradh ar roghnú an duine agus ar roghnú nádúrtha faoi dhálaí doilí crua timpeallachta. Pór ann féin is ea Bó Chiarraí. Is pór é a thug an feirmeoir Éireannach slán sábháilte amach as an gcruatan arís is arís eile. Tá sé de chumas aige maireachtáil ar thalamh imeallaithe, chun laonna a bhreith gan deacracht agus chun an geimhreadh a chaitheamh amuigh faoin spéir go sona.

Dar le suirbhé a rinneadh sa bhliain 1998, b’ann do 135 phór in Éirinn, b’ann do 22 phór i Sasana, b’ann do sheacht bpór in Albain agus b’ann do dhá phór sa Bhreatain Bheag. Fuair Eastát Farmleigh a thréad ó Theach Mhucrois i gCill Airne. Nuair a chuaigh Arthur Rose Vincent chun cónaí i Mucros sa bhliain 1910, thug sé faoi thréad eallach Chiarraí a bhunú. Ba é a úillín óir é. Rinne Angus McLeod, Albanach, an tréad a stiúradh agus a mhaoirsiú.

I mí an Mhárta 2002, thosaigh Eastát Farmleigh ag tógáil thréad eallach Chiarraí, agus sholáthair Teach Mhucrois dhá bhó dhéag ar an gcéad dul síos. Rugadh an chéad lao dár gcuid ar an ochtú lá de mhí Eanáir 2003. Is iontach an radharc iad Ba Chiarraí, agus fionnadh dubh lonrach agus adharca iontacha orthu. Is féidir le cuairteoirí an tréad a fheiceáil ó na cosáin timpeall na dtailte.

Caora na Gaillimhe – an pór dúchasach caorach aonair atá ag Éirinn

Tá ríméad orainn fáilte a chur roimh cheithre cinn de Chaora na Gaillimhe chuig Eastát Farmleigh. Anuas ar Eallach Chiarraí, is pór dúchasach annamh eile é sin in Eastát Farmleigh. Gabhtar buíochas ollmhór le Carmel, Jerry agus Shauna ó Chumann Chaora na Gaillimhe as a chinntiú go socródh siad isteach san eastát go réidh!

Is iondúil a bhíonn dath geal ar chaora na Gaillimhe agus nach mbíonn adharca orthu. Tá cáil orthu as a méid, as a somhúinteacht agus as cáilíocht a lomra olla. Faigh amach anseo na saintréithe eile atá acu.

Galway sheep are typically white in colour, hornless, and renowned for their size, docility and quality of their fleece of wool. Discover more of their characteristics here.