BAILE     TAISPEÁNTAIS REATHA    TAISPEÁNTAIS ATÁ LE TEACHT     CARTLANN    EOLAS FAOI

Eolas Faoi

Ba é a bhí in oscailt Ghailearaí Farmleigh i mí Mheán Fómhair 2005 ná céim shuntasach i bhforbairt shaoráidí Eastát Farmleigh agus sa mhéid a chuireann sé le saol cultúrtha Bhaile Átha Cliath agus le saol cultúrtha na hÉireann ina hiomláine. Toisc an Gailearaí a bheith ann, forlíontar an bailiúchán mór ealaíne i dTeach Farmleigh é féin, rud a chuimsíonn Bailiúchán Ealaíne Rialtais Oifig na hOibreacha Poiblí, saothair ealaíne mhuintir Guinness agus iasachtaí ó fhorais ealaíne eile, lena n-áirítear Gailearaí Náisiúnta na hÉireann. Cé gur bhóithigh an Eastáit a bhí ann tráth, bhunathraigh Gerry Cahill Architects agus Oifig na nOibreacha Poiblí foirgneamh an Ghailearaí chun feabhais chun spás taispeántais a chruthú a chomhlíonfadh caighdeáin idirnáisiúnta choimeádaíochta agus chaomhantais. Dá bhrí sin, osclaíodh clár an Ghailearaí suas chun taispeántais shuntasacha a mhealladh. Dá bharr sin, tá sé ar cheann de na spásanna taispeántais is iomráití in Éirinn anois.

Oibríonn Gailearaí Farmleigh i ndlúthchomhar le comhlachtaí cultúir agus ealaíne sa tír seo agus i dtíortha eile, amhail an Chomhairle Ealaíon, Cultúr Éireann, Comhairle Cheardaíochta na hÉireann, Ceirmeacht Éireann, an Chomhairle Bhriotanach agus ambasáidí éagsúla, chun go mbeifear in ann saothair a mbaineann tábhacht ealaíne, cultúir agus staire leo a chur ar taispeáint. Cuireadh a lán taispeántas i láthair sa Ghailearaí go dtí seo. Ceann amháin de na buaicphointí ina leith sin ba ea Venice At Farmleigh, inar léiríodh an saothar le Gerard Byrne, ealaíontóir Éireannach, agus le Willie Doherty, a ainmníodh do dhuais Turner agus a rinne ionadaíocht do Thuaisceart Éireann ag Taispeántas Débhliantúil Ealaíne na Veinéise sa bhliain 2007.

A bhuí leis an ról atá ag Eastát Farmleigh maidir le teach cónaithe a sholáthar do Chinn Stáit ar cuairt, tugtar deis dúinn gné idirnáisiúnta agus phoiblí a chur leis na taispeántais ag an nGailearaí. I measc na dtaispeántas a reáchtáladh san am atá thart tá Treasures of Medieval Bulgaria (2005), Korean Art: Tradition, Modernity and Identity (2008) agus Kaleidoscope: Contemporary Art from EU Member States, inar ceiliúradh Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh sa bhliain 2013.

Taispeántais an Ama atá Thart

Cuireadh a lán taispeántas i láthair sa Ghailearaí go dtí seo. Ceann amháin de na buaicphointí ina leith sin ba ea Venice At Farmleigh, inar léiríodh an saothar le Gerard Byrne, ealaíontóir Éireannach, agus le Willie Doherty, a ainmníodh do dhuais Turner agus a rinne ionadaíocht do Thuaisceart Éireann ag Taispeántas Débhliantúil Ealaíne na Veinéise sa bhliain 2007.

Léiríodh sa taispeántas Traces of Peter Rice an saothar le Peter Rice (1935 – 1992), innealtóir a rugadh i mBaile Átha Cliath agus a raibh cáil dhomhanda air. Chuimsigh an taispeántas sin cuid mhór de na foirgnimh íocónacha a raibh baint ag Rice leo le linn a ghairme ag Arup Engineering – Centre Pompido i bPáras, Bailiúchán Menil in Houston, agus Músaem na hEolaíochta agus an Tionscail ag Parc de la Villette, Páras. Léiríodh sa taispeántas Frank Brown: Through the Lens an saothar le Frank Browne, grianghrafadóir a rugadh i gCorcaigh. Thosaigh sé ag glacadh grianghraf le linn turas ar an Eoraip sa bhliain 1897, sula ndeachaigh sé isteach in ord na nÍosánach. Ghnóthaigh sé cáil ar fud an domhain sa bhliain 1912 nuair a foilsíodh a ghrianghraif den Titanic i roinnt nuachtán.

Ní raibh sé páirteach ach sa chéad chuid den turas farraige. Thaistil Browne ar fud an domhain ansin, agus é ag glacadh grianghraf san Eoraip, san Astráil, san Afraic Theas, i Srí Lanca agus ag láithreacha in Éirinn. Ar aon dul leis an téama sin, léiríodh sa taispeántas Baltic Links an saothar le dearthóirí agus ealaíontóirí ó thrí thír Bhaltacha, lenar áiríodh déantáin agus míreanna culaithe, faisin agus seodra. Thug an taispeántas sin deis dúinn léargas ríspéisiúil a thabhairt do spriocphobal Éireannach ar oidhreacht chultúrtha ollmhór na Stát Baltach, mar aon leis an saibhreas a chuireann traidisiúin na hEastóine, na Laitvia agus na Liotuáine le sochaí agus spás cultúrtha na hÉireann a aithint agus a cheiliúradh.

A bhuí leis an ról atá ag Eastát Farmleigh maidir le teach cónaithe a sholáthar do Chinn Stáit ar cuairt, tugtar deis dúinn gné idirnáisiúnta agus phoiblí a chur leis na taispeántais ag an nGailearaí. I measc na dtaispeántas a reáchtáladh san am atá thart tá Treasures of Medieval Bulgaria (2005), Korean Art: Tradition, Modernity and Identity (2008) agus Kaleidoscope: Contemporary Art from EU Member States, inar ceiliúradh Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh sa bhliain 2013.

Uaireanta Oscailte

10am go 5pm an Mháirt go dtí an Domhnach, agus an Luan, i gcás Laethanta Saoire Bainc.

Dúnta don lón ó 1pm go 2pm.

Tá sé saor in aisce dul isteach i nGailearaí Farmleigh.

Déan teagnháil linn

Gailearaí Farmleigh,

Teach agus Eastát Farmleigh,
Páirc an Fhionnuisce,
Baile Átha Cliath,
D15 TD50

angela.cassidy@opw.ie

+353 46 942 3552
or +3531 8155914