Clúdaíonn an Gairdín Daingean thart ar cheithre acra agus tá sé le fána go seoigh i dtreo an deiscirt. Tá péire breá geataí rímhaisiúla iarainn bhuailte le feiceáil ar an mbealach isteach i dtreo rian trasnánach coisithe ag a bhfuil ciumhsóga dúbailte bláthanna a bhfuil fálta arda iúir mar thaca leo. Laisteas den trasrian coisithe, tá úllord beag agus gairdín cistine. Lastuaidh den trasrian sin, tá gairdín beag rósanna agus labhandair.

Path through luscious flower border in walled garden with Farmleigh House in background

Tógadh an Gairdín Daingean go luath sa naoú haois déag, tráth ba le Charles Trench Eastát Farmleigh. I léarscáil Shuirbhéireacht Ordanáis na bliana 1837, léirítear go bhfuil leagan amach trasnánach ag an nGairdín Daingean, agus seacht gcearnóg agus teach gloine aige. Ní ba dhéanaí san aois sin, bhí aige raon fairsing tithe gloine ar an mballa theas le haghaidh an lín aird plandaí a bhítí ag fás ar an ngnáthbhealach Victeoiriach chun tacú le scéimeanna leabaithe mórscála agus chun torthaí agus bláthanna coimhthíocha agus duilliúr, go háirithe magairlíní agus raithneach, a tháirgeadh lena dtaispeáint ar fud na bliana sa teach.

 

Farmleigh green house behind herb border and olive tree

I measc na rudaí beaga a chuir Edward Cecil Guinness leis bhí an gairdín beag Victeoiriach raithní agus an fochla in aice láimhe, agus an dá sheanfhuinneog chíme ó Ardeaglais Naomh Pádraig i mballa foircinn an ghairdín. Chuir sé roinnt tithe gloine suas freisin. Ina measc sin bhí teach gloine fíniúna iarainn theilgthe réise trí cheathrú taobh thiar den fhál ard iúir, den bhothán potaithe agus den teach garraíodóra agus an teach caidéil a tógadh sa stíl Ealaíon agus Ceardaíochta.

Red brick arts & crafts building behind yew hedges

Ina dhiaidh sin, chruthaigh Gwendolen, Bantiarna Uíbh Eachach agus bean chéile a mhic, leagan amach a bhí roinnte ina chodanna. Bhíodh an leagan amach sin san fhaisean go luath san fhichiú haois, mar aon le spéis athnuaite i bplandaí gairdín den tseanstíl agus ciumhsóga bhláthanna. Le cosán traidisiúnta nua, leagadh an bealach ón mbearna gheata iarainn bhuailte, agus an Gairdín Daingean á cheangal leis an rian coisithe leathan ar chúl an tí. Daingníodh ais nua sin an ghairdín le fálta arda iúir a bhíodh mar thaca leis na ciumhsóga dúbailte fada bláthanna a chuir sise freisin.

Chruthaigh Benjamin agus Miranda Guinness teampall cloiche mar phointe fócais den ghairdín sa bhliain 1971: tá aige sé cholún seandachta chloch Portland ag a bhfuil díon copair agus eite ghaoithe mhaisithe. Tá ag an bpríomh-thrasrian coisithe ar an dá thaobh den teampall struchtúir mhiotail ar dhear Lanning Roper iad le haghaidh rósanna dreaptha agus vistéiria atá cosúil leo sin i nGairdín Bagatelle cáiliúil i bPáras. Leagadh gairdín pábháilte rósanna amach soir ó thuaidh ón teampall, agus fál iúir mar thaca leis agus radhairc uaidh thar fhaiche i dtreo an úlloird bhig agus an ghairdín cistine.

Wisteria trellises and tempietto in walled garden

Mhol Lanning Roper go gcuirfí planda cainche, planda maoildeirge, planda catalpa agus planda magnóilia chun an bhailchríoch a chur ar rud ar ar thug sé Ceathairéad Cairilínseach ar an bhfaiche sin. Ina dhiaidh sin, chuir Bantiarna Uíbh Eachach na ciumhsóga dúbailte bláthanna, a chuimsíonn plandaí gioca, foirmiam, paeóin, astailbe agus spuirse.